- GA
EIT i mbeagán focal
EIT – AG CUR NA NUÁLAÍOCHTA I gCRÍCH!

Comhlacht neamhspleách AE a bhunaigh an tAontas Eorpach chun cumas nuálaíochta na hEorpa a neartú is ea an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Tá EIT ina chuid dhílis de chlár Horizon 2020, Clár Réime an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus um Nuálaíocht.
Cad a dhéanann EIT?
Tionscnamh uathúil de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Institiúid a spreagann nuálaíocht ar fud na hEorpa trí ghnó, oideachas agus taighde a chomhtháthú chun teacht ar réitigh ar dhúshláin phráinneacha dhomhanda.
Tacaímid le comhpháirtíochtaí dinimiciúla, fadtéarmacha uile-Eorpacha a fhorbairt i measc cuideachtaí, saotharlanna taighde agus cuideachtaí tábhachtacha. Tugtar Pobail Nuálaíochta orthu seo agus tá rún daingean ag gach ceann acu réitigh a fháil ar dhúshlán domhanda ar leith, ó athrú aeráide agus fuinneamh inbhuanaithe go maireachtáil agus bia sláintiúil.
Agus breis agus 1000 comhpháirtí á dtabhairt le chéile aige, is é EIT an gréasán nuálaíochta is mó san Eoraip agus nascann sé na poncanna lena chéile. Cumhachtaímid nuálaithe agus fiontraithe ar fud na hEorpa chun na smaointe is fearr dá bhfuil acu a thiontú ina dtáirgí, ina seirbhísí, ina bpoist agus ina bhfás. Tá sé seo ríthábhachtach chun misean EIT a chomhlíonadh: poist a chruthú agus deiseanna don fhás inbhuanaithe eacnamaíoch a thabhairt i gcrích don Eoraip.
In éineacht le príomh-chomhpháirtithe, cuireann Pobal EIT réimse leathan gníomhaíochtaí nuálaíochta agus fiontraíochta ar fáil: cúrsaí oideachais a chomhcheanglaíonn scileanna teicniúla agus fiontraíochta, seirbhísí gnóthaithe agus luasghéaraithe saincheaptha agus tionscadail taighde atá faoi thiomáint na nuálaíochta. Tugann sé seo smaointe agus réitigh nua don mhargadh, déanann sé fiontraithe de mhic léinn agus, thar aon ní eile, tugann sé nuálaíocht i gcrích.
Torthaí
Ó bunaíodh EIT in 2008, chruthaigh sé an pobal nuálaíochta is mó san Eoraip. Tá triail, tástáil agus cruthúnas déanta ar shamhail EIT agus tá na nithe seo a leanas tugtha i gcrích ag an tsamhail sin:
- 8 bPobal Nuálaíochta rathúla
- 60+ mol nuálaíochta ar fud na hEorpa
- Tacaíodh le 3 200+ gnólacht nuathionscanta agus gnólacht méadaithe
- EUR 3.3 billiún i gcaipiteal seachtrach arna thiomsú ag na fiontair ar thacaíomar leo
- Cruthaíodh 13 000+ post
- Cuireadh oideachas ar 3 100+ céimí Máistreachta agus PhD, agus 5 000+ á thuar faoi dheireadh 2020
- 1 170 táirge agus seirbhís nua
*Figiúirí – Lúnasa 2019
Cad is Pobal Nuálaíochta de chuid EIT ann?
Tugann Pobail Nuálaíochta gnólachtaí (tionscail agus fiontair bheaga agus mheánmhéide), ionaid taighde agus ollscoileanna le chéile mar chomhpháirtithe, ag cruthú timpeallachta ina dtagann borradh faoin smaointeoireacht chruthaitheach agus faoin nuálaíocht. Tairgeann siad rochtain ar dhaoine cumasacha, eolas, cistiú agus earnálacha nua gnó chun na nithe seo a dhéanamh:
- táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt: cuir do smaoineamh ar aghaidh trí é a chur ar an margadh linn
- cuideachtaí cicthionscanta: cruthaigh nó luathaigh d’fhiontar lenár dtacaíocht
- oiliúint a chur ar ghlúin nua fiontraithe: forbair do chuid scileanna fiontraíochta linn
Áiritear an slabhra nuálaíochta ar fad ar ghníomhaíochtaí na bPobal Nuálaíochta: cláir oiliúna agus oideachais, a threisíonn an t-aistear ó thaighde go dtí an margadh, tionscadail nuálaíochta, gorlanna agus luasairí gnó.
Tá ocht bPobal Nuálaíochta de chuid EIT ann agus díríonn gach ceann acu ar dhúshlán domhanda ar leith:
- EIT Climate-KIC: nuálaíocht le haghaidh gníomhaíocht aeráide
- EIT Digital: le haghaidh Eoraip dhigiteach láidir
- EIT Food: ag tabhairt aghaidh ar shlabhraí soláthair inbhuanaithe, ó na hacmhainní go dtí na tomhaltóirí
- EIT Health: le chéile le haghaidh saol sláintiúil san Eoraip
- EIT InnoEnergy: athrú ceannródaíoch i bhfuinneamh inbhuanaithe
- EIT Manufacturing: Is í an Eoraip a dhéanann an nuálaíocht déantúsaíochta atá ar thús cadhnaíochta
- EIT RawMaterials: bunábhair a fhorbairt e go mbeidh siad ina láidreacht mhór don Eoraip
- EIT Urban Mobility: iompar cliste, glas agus comhtháite
Oibríonn gach ceann de Phobail Nuálaíochta EIT i moil nuálaíochta. Tá na moil seo lonnaithe ar fud an Aontais chun tionchar ghníomhaíochtaí EIT a mhéadú. Faoi láthair tá 50+ mol nuálaíochta ar fud na hEorpa lena n-áirítear ionaid chomhshuímh, mar a dtagann lucht oideachais, taighde agus gnó le chéile agus iad ag idirghníomhú. Faigh amach cá háit ar féidir teacht ar ár moil: EIT san Eoraip.
EIT: ag obair ar fud na hEorpa
Is é atá i Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT (EIT RIS) ná clár for-rochtana arb é an aidhm atá léi cuidiú le níos mó eagraíochtaí ar fud na hEorpa tairbhe a bhaint as obair Phobal EIT agus páirt a ghlacadh ina chuid ghníomhaíochtaí. Tá sé mar aidhm le EIT RIS feabhas a chur ar chumas nuálaíochta na réigiún Eorpach nach bhfuil ag obair le EIT ná lena Phobail Nuálaíochta go fóill. Is é a dhéanann EIT RIS ná cuideachtaí, ollscoileanna, saotharlanna taighde agus eagraíochtaí is páirtithe leasmhara a thabhairt isteach sa phobal nuálaíochta is mó san Eoraip. Féach ar léarscáil EIT RIS go bhfeicfidh tú an bhfuil rud éigin cóngarach duit.
Conas is féidir liom a bheith páirteach?
Mar chuid de Phobal Nuálaíochta, beidh teacht agat ar chomhpháirtithe, saoráidí, disciplíní, tionscail agus cultúir nua. Tá go leor deiseanna ann le bheith páirteach i bPobal EIT agus lena raon leathan gníomhaíochtaí tacaíochta nuálaíochta ar fud na hEorpa: cláir oiliúna agus oideachais, tionscadail nuálaíochta, gorlanna gnó agus luasairí.
Féach ar ár leathanaigh 'Ár ngníomhaíochtaí' agus 'Oibrigh linn' agus faigh amach cá bhfuil ár bPobal bunaithe: EIT san Eoraip. Bain tairbhe as páirt a ghlacadh sa ghréasán nuálaíochta is mó san Eoraip agus téigh i mbun nuálaíochta linn!
Tá gach eolas le fáil ar chainéil meán sóisialta EIT anseo.
Is féidir leat liostáil le nuachtlitir EIT anseo.
Cúlra dlíthiúil
Is comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh é EIT agus is i mBúdaipeist, an Ungáir atá a cheannáras. Bunaíodh é le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 agus cuireadh i mbun feidhme é in 2010 i gCeannáras EIT. Fostaíonn EIT thart ar 70 ball foirne faoi láthair. Is é Martin Kern Stiúrthóir Eatramhach ón 1 Lúnasa 2014.